An dátheangachas agus an t-aitheantas: déagóirí Éireannacha sa 21ú haois

Loading...
Thumbnail Image
Date
2013
Authors
Ní Dhonnabháin, Áine Máire
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
University College Cork
Published Version
Research Projects
Organizational Units
Journal Issue
Abstract
Tugann an staidéar taighde aghaidh ar an dátheangachas i bPoblacht na hÉireann agus go háirithe ar thuairimí dhaoine óga dátheangacha sa 21ú haois. Is é cuspóir an staidéir ná iniúchadh a dhéanamh ar mheonta déagóirí Éireannacha dátheangacha i leith na Gaeilge agus a gcuid aitheantais mar dhéagóirí dátheangacha. Déanann an staidéar anailís ar mheonta daltaí a fhreastalaíonn ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Féachtar ar thuairimí tuismitheoirí, múinteoirí agus iar-scoláirí freisin. Is í príomhcheist an staidéir seo ná: Cad iad meonta déagóirí Éireannacha dátheangacha i leith teanga na Gaeilge agus cad iad a n-aitheantais mar Éireannaigh óga dátheangacha? Baineadh úsáid as modhanna cáilíochtúla idir agallaimh, agallamh grúpa, scríbhneoireacht phearsanta agus ríomhphoist chun eolas a bhailiú i scoil an staidéir cháis. Roghnaíodh modh cainníochtúil an cheistneora náisiúnta chun cur leis an eolas. Tugann an taighde le tuiscint go mothaíonn déagóirí Éireannacha dearfach faoi theanga na Gaeilge agus faoin a gcuid aitheantais mar dhaoine dátheangacha. Léiríonn torthaí an taighde gurb ionann teanga na Gaeilge dóibh agus seoid luachmhar a sholáthraíonn buntáistí, deiseanna agus féidearthachtaí dóibh. Maidir le cruthú aitheantais, chuaigh formhór na ndéagóirí i scoil an staidéir cháis i dtreo a ndá ghrúpa teangeolaíochta agus chruthaigh siad “linguistic brokerage” (Shenk, 2008) a tharraing a taobh Gaelach is Béarla le chéile. Mothaíonn formhór na ndéagóirí dátheangacha seo go bhfuil aitheantas amháin acu ach go bhfuil an dá theanga, an dá chultúr agus an dá pháirt dá saoil mar pháirt den gcomhaitheantas sin. Ach ba léir go raibh éagsúlachtaí i measc na rannpháirtithe freisin. Tacaíonn torthaí an taighde le gnéithe den litríocht ar a rinneadh athbhreithniú chun ról lárnach na teanga i gcruthú aitheantais an déagóra a léiriú. Cuireann an taighde seo leis an réimse toisc go soláthraíonn sé eolas luachmhar agus fiúntach faoin dátheangachas agus aitheantas i bPoblacht na hÉireann sa 21ú haois.
Description
Keywords
Dátheangachas , Aitheantas , Déagóirí dátheangacha , Iar-bhunscoileanna , Lán-ghaeilge , Tumoideachas
Citation
Ní Dhonnabháin, A. M. 2013. An dátheangachas agus an t-aitheantas: déagóirí Éireannacha sa 21ú haois. PhD Thesis, University College Cork.
Link to publisher’s version