Comthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided: Eagrán maille le hanailís liteartha agus teanga

dc.check.embargoformatNot applicableen
dc.check.infoNo embargo requireden
dc.check.opt-outNot applicableen
dc.check.reasonNo embargo requireden
dc.check.typeNo Embargo Required
dc.contributor.advisorMurray, Kevinen
dc.contributor.authorO'Donoghue, Ken
dc.contributor.funderIrish Research Councilen
dc.date.accessioned2016-12-02T11:34:25Z
dc.date.available2016-12-02T11:34:25Z
dc.date.issued2016
dc.date.submitted2016
dc.description.abstractIs scrúdú ar théacs amháin, Comthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided (CLcC), a chaomhnaítear i lámhscríbhinn amháin, Lebor na hUidre (LU), atá sa tráchtas seo. Bíodh is gurb é LU an lámhscríbhinn Ghaelach is sine a chaomhnaíonn scéalta leanúnacha i nGaeilge, agus gur ábhar staidéir ar leith i ngort na Gaeilge agus na Ceiltise é dá réir, níor scrúdaíodh CLcC as féin mar earra litríochta fós, ná ní dhearnadh mionscrúdú ar an teanga ann ach chomh beag. Ceapadh gur mhithid an téacs a mheas ar na cúiseanna sin. Roinntear an tráchtas ina dhá chuid, mar atá: (a) cuid a haon, a chuireann síos ar chomhthéacs na lámhscríbhinne agus ar cheisteanna a bhaineann lena lucht scríofa, chomh maith le hanailís liteartha ar théamaí a luaitear sa téacs féin. Déantar ceist an rangaithe a phlé chomh maith, is é sin, conas is ceart rangú a dhéanamh ar CLcC; (b) cuid a dó, is eagrán agus aistriúchán den téacs atá inti, chomh maith le nótaí teanga a scrúdaíonn gnéithe suntasacha den teanga, agus gluais. An dá shórt anailíse a chuirtear chun cinn i rith an tráchtais, .i. an scrúdú liteartha agus an t-iniúchadh ar an teanga, déantar iad a shuíomh i gcomhthéacs LU trí chéile oiread agus is féidir. Féachann an cur chuige seo le taispeáint gur de dhlúth na lámhscríbhinne féin na téamaí (mar shampla creideamh, cumhacht, ríogacht) is bun le CLcC, agus gur sampla an-spéisiúil de thoisí teanga LU an téacs seo, óir léiríonn sé caomhnú ábhar ón tSean-Ghaeilge chomh maith le forbairtí teanga a bhaineann le ré na Meán-Ghaeilge. Sna nótaí teanga, leis, cuirtear samplaí as lámhscríbhinní comhaimseartha eile san áireamh, chomh maith le foinsí níos sine ná sin, le bonn a chur faoin áitiú a dhéantar ar aois na teanga in CLcC.ga
dc.description.statusNot peer revieweden
dc.description.versionAccepted Version
dc.format.mimetypeapplication/pdfen
dc.identifier.citationO'Donoghue, K. 2016. Comthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided: Eagrán maille le hanailís liteartha agus teanga. PhD Thesis, University College Cork.en
dc.identifier.endpage267en
dc.identifier.urihttps://hdl.handle.net/10468/3345
dc.languageEnglishen
dc.language.isogaen
dc.publisherUniversity College Corken
dc.rights© 2016, Ken O'Donoghue.en
dc.rights.urihttp://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/en
dc.subjectSean-Ghaeilgega
dc.subjectMeán-Ghaeilgega
dc.thesis.opt-outfalse
dc.titleComthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided: Eagrán maille le hanailís liteartha agus teangaga
dc.title.alternativeComthóth Lóegairi co Cretim ⁊ a Aided: Eagrán maille le hanailís liteartha agus teangaga
dc.typeDoctoral thesisen
dc.type.qualificationlevelDoctoralen
dc.type.qualificationnamePhD (Arts)en
ucc.workflow.supervisork.murray@ucc.ie
Files
Original bundle
Now showing 1 - 2 of 2
Loading...
Thumbnail Image
Name:
Tráchtas le priontáil.docx
Size:
361.63 KB
Format:
Microsoft Word XML
Loading...
Thumbnail Image
Name:
Full Text E-thesis.pdf
Size:
1.24 MB
Format:
Adobe Portable Document Format
Description:
Full Text E-thesis
License bundle
Now showing 1 - 1 of 1
Loading...
Thumbnail Image
Name:
license.txt
Size:
5.62 KB
Format:
Item-specific license agreed upon to submission
Description: