Nua-Ghaeilge / Modern Irish - Doctoral Theses
Permanent URI for this collection
Browse
Browsing Nua-Ghaeilge / Modern Irish - Doctoral Theses by Title
Now showing 1 - 11 of 11
Results Per Page
Sort Options
- ItemAislingí polaitiúla Eoghain Rua Uí Shúilleabháin(University College Cork, 2012) Ní Íceadha, Máire; O Murchu, Liam; Irish Research Council for the Humanities and Social SciencesIs é rud atá sa tráchtas seo ná eagrán deifnídeach d’aislingí polaitiúla Eoghain Rua Uí Shúilleabháin (1748-1784). Is cuid shuaithinseach de shaothar liteartha Eoghain Rua atá tagtha anuas chugainn iad na haislingí, nach mór trian de ar fad. Ábhar inspéise iad na haislingí polaitiúla a chum sé mar gheall ar an léiriú a thugann sé ar chumas an fhir óig toisc an láimhseáil chruthaitheach a dhein sé ar an saghas áirithe sin filíochta, go háirithe. Soláthraítear anseo eagrán scolártha de cheithre cinn is fiche de na haislingí a chum an file. Catagóir amháin sa tráchtas is ea na dánta polaitiúla gur féidir a rá le cinnteacht go mbaineann siad le hEoghan Rua. Baineann éiginnteacht le catagóir eile de dhánta atá curtha i leith an fhile ach nach féidir a bheith cinnte mar gheall orthu. Braitheadh nach gan fáth a bheadh na dánta seo leagtha ar Eoghan Rua, ámh. Pléitear an timpeallacht chultúrtha, shóisialta agus pholaitiúil san ochtú haois déag ar eascair an saghas seo filíochta aisti. Scrúdaítear go mion traidisiún na lámhscríbhinní ina bhfaightear leaganacha d’aislingí Eoghain Rua sna nótaí téacsacha. Nochtar faoi mar a glacadh leo sa traidisiún sin agus an t-éileamh a bhí ar shaothar an fhile i bhfianaise a bhfuil sna foinsí Gaeilge. Dírítear, go príomha, ar an seachadadh leathan a deineadh ar a chuid aislingí i gCúige Mumhan agus ar dháileadh na n-aislingí polaitiúla a chum sé laistigh den traidisiún sin. Maille leis na dánta féin, cuirtear fearas criticiúil ar fáil anseo don chéad uair. Léirítear an modh eagarthóireachta a leanadh. Cuirtear aistriúcháin Bhéarla d’ aislingí Eoghain Rua ar fáil chun sochair don léitheoir.
- ItemBéal Átha an Ghaorthaidh: logainmneacha agus dinnseanchas(University College Cork, 2014) Ó Céilleachair, Pádraig; Ua Súilleabháin, Seán; Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, IrelandIs é atá sa tráchtas ná staidéar ar logainmneacha agus dinnseanchas ceantair Ghaeltachta Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Ins na léarscáileanna a cruthaíodh tá iarracht ar na logainmneacha a líonadh isteach chomh cruinn is ab fhéidir agus furasta iad a aimsiú mar go bhfuil iomlán an eolais ar leathanach amháin. Cuireadh leis an eolas seo trí úsáid foinsí béaloidis a bhain leis an gceantar nó baile fearainn agus is iad Páipéir Uí Dhonnchadha agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann is mó a úsáideadh. Tá a lán eolas a bhailigh An tAth Ó Donnchadha faoin nGuagán scríte anseo agus tugann sé le fios a lán dúinn ar an áit agus imeachtaí na haimsire sin.
- ItemAn Craoibhín Aoibhinn agus Mr Douglas Hyde: dialanna Dhubhghlais de hÍde 1874-1882(University College Cork, 2021) Tóibín, Feena; Ó Macháin, Pádraig; Nic Lochlainn, SorchaTá Dubhghlas de hÍde (An Craoibhín Aoibhinn, 1860-1949) ar dhuine de na pearsana is tábhachtaí i stair na Gaeilge, gan trácht ar stair na hÉireann. Iarracht atá sa tráchtas seo cur leis an obair scoláiriúil atá déanta go dtí seo ar a shaol agus ar a shaothar, trí léiriú úr a thabhairt ar a luathshaol agus a luathshaothar idir na blianta 1874 agus 1882. Baineann na blianta seo le teacht in inmhe don bhfear óg neamhchoitianta seo, ón ndéagóir ceithre bliana déag d’aois go dtí an mac léinn ollscoile dhá bhliain is fiche d’aois. Tá dhá sprioc i gceist: 1. Eagrán dioplamáideach de na ceithre dialanna tosaigh a sholáthar, agus fonótú a dhéanamh ar na dialanna sin, chun oiread eolais agus is féidir mar gheall ar an gCraoibhín ina óige dó a chur ar fáil. Tá tábhacht nach beag leis an sprioc seo ós rud é nár foilsíodh na dialanna seo ina n-iomláine in aon áit eile riamh roimhe seo. 2. a) Anailís a dhéanamh, i sraith chaibidlí, ar ghnéithe suntasacha a eascraíonn as an saothar eagarthóireachta atá luaite thuas. Is iad seo a shaol baile, a chuid oideachais, a spéis sa Ghaeilge agus i dteangacha eile, agus ar deireadh, a chuid filíochta. b) Cur leis an eolas ar fhorás an Chraoibhín mar scríbhneoir cruthaitheach trí thagairt do na dánta a chum sé le linn bhlianta na ndialann seo. Nasc is ea na dánta seo idir saol agus saothar ealaíne an Chraoibhín nár léiríodh roimhe seo.
- ItemIrish in Montana, 1880-1920: cultural nationalism in exile(University College Cork, 2020) Ryan, Ciara; Buttimer, CorneliusThis thesis conducts a detailed and thorough examination of the nature of Butte society and her Irish immigrants in the early 1900s from a culture and identity perspective, during crucially formative years for that city and those who settled there, or in its wider neighbourhood. Despite evidence that Butte had, comparatively, more Irish speakers than any other city in the U.S. in the early 1900s, their impact has been largely overlooked in relevant research. My dissertation aims to fill this scholarly gap. It seeks to be as broad as possible in scope, but also precise in certain instances. Much of the body of this thesis is directed towards a specific figure (and hence a specific case-study), Seán “Irish” O Sullivan (1882-1957). Ó Súilleabháin emigrated in the early 1900s from Inishfarnard island, off the Beara coast in south-west Cork. He promoted his native language extensively in Butte and was active in the town’s political, social, as well as cultural circles. By examining the wealth of personal papers he left behind, hitherto excluded from the historical record, his many works and varied life, we gain a more detailed understanding of what Irish individual and collective interests comprised in the area of Montana where he came to live, and the precise conditions which either fashioned or remoulded them. It is hoped that this dissertation demonstrates that using largely untapped primary sources in the Irish language and adopting a localised approach to urban groups can bring significant benefits to any scholarship seeking to understand ethnicity and acculturation in a wider context.
- ItemNa marbhnaí do Shéamas Óg Mac Coitir (1689-1720)(University College Cork, 2015) Ó Murchú, Tomás L.; Buttimer, CorneliusGo príomha, is tráchtas é seo a dhéanann staidéar ar ghné de litríocht iar-chlasaiceach na Gaeilge. Baineann sé go háirithe leis an sraith chaointe nó marbhnaí i bhfoirm véarsaíochta a cumadh do Shéamas Óg Mac Coitir (1689-1720), duine uasal Caitliceach ó Charraig Tuathail, Co. Chorcaí, nuair a ciontaíodh é in éigniú Elizabeth Squibb, bean de Chumann na gCarad; nuair a cuireadh pionós an bháis air; agus nuair a crochadh é i gCathair Chorcaí an 7 Bealtaine, 1720. Ó thaobh na staire de, scrúdaítear Clann Choitir mar shampla de theaghlach nár cheil a ndílseacht do chúis pholaitiúil na Stíobhartach agus a sheas an fód go cróga faoi mar a bhí a ngreim polaitiúil á dhaingniú ag an gCinsealacht Phrotastúnach ó dheireadh an 17ú haois amach. Tagraítear do sheicteachas na sochaí comhaimseartha agus don teannas idir an pobal Caitliceach agus an pobal Protastúnach ag an am. Déantar scagadh ar an véarsaíocht mar fhoinse luachmhar do dhearcadh míshásta an mhóraimh Chaitlicigh ar struchtúr polaitiúil chontae Chorcaí (agus na hÉireann) i dtosach an 18ú haois. Is feiniméan liteartha an dlús véarsaíochta seo a bhaineann go háirithe le traidisiún liteartha Chorcaí. Tá na dánta curtha in eagar agus aistriúchán go Béarla curtha ar fáil: is é seo croí an tráchtais. Tá an t-eagrán bunaithe ar scrúdú cuimsitheach ar thraidisiún na lsí; pléitear modheolaíocht na heagarthóireachta. Déantar iarracht ar na dánta a shuíomh sa traidisiún casta liteartha sa tráchtaireacht tosaigh; sa chuid eile den bhfearas scoláiriúil, scrúdaítear ceisteanna a bhaineann le cúrsaí teanga, foclóra, meadarachta agus stíle. Tá innéacsanna agus liosta foinsí le fáil i ndeireadh an tráchtais.
- ItemMícheál Coimín agus a shaothar(University College Cork, 2013) Newman, Stephen Patrick; Ó Murchú, Liam P.Is é a chuirim romham a dhéanamh sa tráchtas seo ná eagar a chur ar shaothar liteartha Mhíchíl Coimín; file agus údar próis a bhí ag saothrú na litríochta i gCill Chorcoráin, Contae an Chláir san ochtú haois déag. D’éag sé sa bhliain 1760 nuair a bhí sé beagnach 90 bliain d’aois. Is féidir a rá go bhfuil an Coimíneach, ó thaobh chanóin litríocht na Gaeilge de i measc na mionscríbhneoirí, agus níl aon dabht faoi ach go bhfuil an-chuid de léitheoirí na Gaeilge sa lá atá inniu ann dall ar a chuid scríbhneoireachta. Tá cáil air mar údar ‘Laoi Oisín i dTír na n-Óg’ ach mar a léireofar sa tráchtas seo, tá gach cuma ar an scéal nárbh é a scríobh. Tá againn óna pheann dornán beag dánta agus dhá scéal rómánsaíochta (‘Eachtra Thoroilbh Mhic Stairn’ agus ‘Eachtra a Thriúr Mac’) a scríobh sé nuair a bhí an traidisiún sin próis ar an dé deiridh. Níl aon chuid dá shaothar ar fáil in eagráin a shásódh léitheoirí an lae inniu ná na critéir scolártha atá i bhfeidhm anois. Níor tháinig aon lámhscríbhinn, i lámh an Choimínigh, anuas chugainn agus dá bhrí sin bhí dúshlán áirithe ag baint leis an bpróiseas eagarthóireachta. Sa tráchtas rinne mé an suirbhé is iomláine go dtí seo ar a shaothar i dtraidisiún na lámhscríbhinní agus ar na scríobhaithe a rinne é a sheachadadh. Bhí sé mar aidhm agam teacht ar na lámhscríbhinní is údarásaí sa traidisiún d’fhonn eagráin a réiteach a bheadh dílis dá bhunshaothar. Chomh maith leis sin tabharfar cuntas ar a bheatha agus ar a chúlra liteartha, agus déanfar iniúchadh criticiúil ar a shaothar próis agus fileata.
- ItemPádraig Phiarais Cúndún: amhráin agus dánta(University College Cork, 2022-01-31) Ó Floinn, Antóin; Ó Macháin, Pádraig; Ni Mhurchu, Sile; Mary Immaculate CollegeSeo an chéad eagrán criticiúil d’fhilíocht Phádraig Phiarais Cúndún (1777-1857). Cainteoir dúchais agus file ab ea é a rugadh i mBaile Mhac Óda i gContae Chorcaí ach a chuaigh ar imirce go Stát Nua Eabhrac in 1825/26. Lean sé ar aghaidh ag cumadóireacht thall is bhain sé aitheantas comhaimseartha níos leithne amach dó féin mar thoradh ar na dánta is ar na litreacha Gaelainne a sheol sé abhaile ón Oileán Úr. Fágann teirce an ábhair as Gaelainn a breacadh síos thar lear le linn Phádraig Phiarais gur bhain a shaothar áit amach i stair litríochta na Gaelainne; léargas uathúil é a shaothar ar mheon is ar thaithí saoil an chainteora dúchais i gcéin an tráth san. Bunaítear an t-eagrán so ar na foinsí lámhscríofa a mhaireann; soláthraítear leaganacha de na dánta atá tugtha chun rialtachta mar aon leis an bhfearas criticiúil iomlán agus aistriúcháin Bhéarla mar áis don léitheoir. Cuirtear nótaí teangan cuimsitheacha ar fáil chun léiriú a thabhairt ar theanga na ndánta is ar chanúint Bhaile Mhac Óda – canúint a chuaigh i léig san aois seo caite. Deintear filíocht an Chúndúnaigh a chomhthéacsú le béim fé leith ar a shaol, ar an aois inar mhair sé, agus ar thraidisiún liteartha na Gaelainne inar chum sé. Pléitear ealaín na filíochta aige ag aimsiú na slite inar chloígh sé go dlúth leis an traidisiún go minic agus na slite inar dhein sé a chuid féin de ar uairibh; tugtar suntas fé leith do chúrsaí meadarachta is ceoil sa phlé seo. Ceistítear arbh é Phádraig Phiarais an t-údár i gcás lín theoranta den ábhar a luadh leis roimhe seo; tugtar an fhianaise go léir sna cásanna san. Ar an láimh eile, cuirtear roinnt rann in eagar anso nár cuireadh i gcló fós.
- ItemSaothair Oideachais an Ghúim 1926-46(University College Cork, 2016) Ó hUallacháin, Seán Breandán; Buttimer, CorneliusCeann de phrionsabail bhunaidh An Ghúim téacsleabhair agus leabhair ghinearálta a sholáthar do dhaltaí scoile is do lucht léitheoireachta na Gaeilge. Ábhair a bhaineann le curaclam na scoile, cuir i gcás, eolaíocht is tíos, oideachas, saoránaíocht, spórt, na teangacha Clasaiceacha, tíreolaíocht, taisteal agus an nádúr, creideamh is stair, a roghnaítear don taighde seo. Tugtar Aguisín (921 lch) le bheith ina threoir do phríomh-bhunachar sonraí na dochtúireachta seo (an chiall ghinearálta mar bhailiúchán eolais atá i gceist le “bunachar” sa tráchtas seo in ionad brí theicniúil ar leith). Trí phríomhchuid atá sa staidéar: “buneolas”, “anailís” is “toradh”. Sa “Bhuneolas”, tugtar cuntas beathaisnéiseach ar na bunúdair, soláthraítear achoimre ar na foilseacháin faoi staidéar, mar aon le faisnéis bhibleagrafaíochta i dtaobh na n- aistritheoirí, agus eolas faoi na comhlachtaí foilsitheoireachta a bhí páirteach sna tograí. Pléann “Anailís” brainsí de chuid an státchórais mar an Roinn Oideachais agus an Roinn Airgeadais i gcúrsaí maoinithe, nó gníomhairí lasmuigh de, cosúil le lucht deartha is clóchuradóireachta; moladh is coimisiúnú na saothar; sonraí cóipchirt na bhfoilseachán; roghnú, monatóireacht is díolaíocht na n-aistritheoirí, mar aon le breithniú inmheánach is seachtrach. Sa chuid dheireanach, féachtar le “Toradh” na hiarrachta a mheas, ag tagairt den líon cóipeanna de na leabhair a díoladh. Faightear eolas ar fhiosrú léitheoirí; praghas na leabhar; a ndíolachán is a n- athchló. Tugtar léirmheasanna a scríobhadh ar na haistriúcháin Ghaeilge agus na cúiseanna nár tháinig tograí ar leith chun críche. Is é aidhm na hoibre thar aon ní eile gné lárnach chasta d’eisint An Ghúim atá ligthe i ndíchuimhne a thabhairt ar ais chugainn go beo beathaíoch faoi mar a bhí lena ré saoil féin.
- ItemStair na Gaeilge i gContae Thiobraid Árann 1700-1901(University College Cork, 2015) O'Dwyer, Denis; Buttimer, CorneliusStair na Gaeilge i gCo. Thiobraid Árann i rith na tréimhse 1700-1901 atá á ríomhadh sa tráchtas seo. Tar éis a cúlra agus a comhthéacs a shuíomh i gCaibidil a hAon, déantar scríobhaithe an cheantair a áireamh, fara tráchtaireacht orthu, i gCaibidil a Dó. I gCaibidlí a Trí agus a Ceathair, féachtar ar thionchar na hEaglaisí Caitlicí agus Eaglais na hÉireann (i measc eaglaisí Protastúnacha eile) ar an dteangain. I gCaibidil a Cúig, faightear spléachadh ar ghnéithe éagsúla de shaíocht an chontae, ag tabhairt léargais ar tháirgí na scríobhaithe, ar leabhair a clóbhualadh sa réigiún, agus ar fhilí móra na háite, leithéidí Liam Daill Uí Ifearnáin, ag sonrú limistéir faoi leith, an t-oirdheisceart, mar shampla. Léirítear éifeacht na gcumann Gaelach agus na ndíograiseoirí iomadúla a bhain leo. Ábhar suime, leis, feidhm na Gaeilge sna cúirteanna dlí. Tugtar faisnéis i gCaibidil a Sé ar fhianaise cuairteoirí ar an Ghaeilge mar urlabhra i dTiobraid Árann. Is anseo chomh maith a deintear anailís ar Dhaonáirimh na mblianta 1861-1901, le mórchuid adhmaid á baint as ceann 1901 go háirithe. Breactar as ainmneacha sagart agus múinteoirí le Gaeilge, agus tráchtar ar aicmí suntasacha eile, na póilíní agus na saighdiúirí a raibh an teanga sin ina mbéal acu. Tugtar le chéile dá réir na snáithíní difriúla eolais ar an dúiche ar bhealach nár tharla cheana don gcontae casta fairsing seo le haghaidh na tréimhse atá idir lámha ag an saothar.
- ItemA study of the Irish adaptation of Marco Polo's Travels from the Book of Lismore(University College Cork, 2018) Palandri, Andrea; Ó Macháin, Pádraig; University College Cork; Irish Research CouncilThe Irish Marco Polo (IMP) is an Early Modern Irish translation and adaptaion of Francesco Pipino’s Latin translation of Marco Polo’s Travels (P) which is found between ff 121-131 of the Book of Lismore (L), or Leabhar Mhic Carthaigh Riabhaigh. This manuscript was probably compiled between 1478 and 1505 in the Franciscan friary of Timoleague in south west Cork for Fínghean Mac Carthaigh Riabhach, ruler of Cairbre, and his wife Caitilín Fitzgerald. This is a unique copy of the only known adaptation of the text in Irish. Since the original title of the text does not survive, for the purposes of this dissertation I will refer to it as ‘The Irish Marco Polo’ (IMP). The general account of Marco Polo’s journey, which was retold in many different versions, adaptations and translations across Europe during the fourteenth and fifteenth centuries, will be referred to as the Travels. The objective of the present study is to assess IMP both as a contribution to Early Modern Irish literature and as a contribution to the vast and complex tradition of Marco Polo’s Travels. This dissertation attempts (1) to locate IMP in its cultural and linguistic context in late-medieval Ireland and Europe; (2) to gain a perspective of the author of IMP as a learned man operating within the parameters of Irish and European literary tradition; and (3) to establish IMP as a literary work in its own right, the product of a master of Irish literary prose who created a unique text indebted to but also independent of its textual antecedents. Approaching these objectives entailed a combination of methodologies: linguistic, paleographical, text-critical, literary and historical.
- ItemAn túrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge(University College Cork, 2015) Ó Buachalla, Thaddeus; Riggs, PádraigínIs éard atá curtha romham agam sa tráchtas seo ná an t-úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge a phlé; chun aitheantas a thabhairt don seánra mar rud ar leith; chun a fhréamhacha a aimsiú agus a thréithe sainiúla a léiriú. Féachaim anseo lena léiriú go bhfuil baint shainiúil ag an úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge le stair shochteangeolaíoch agus liteartha na hÉireann. Chruthaigh scríbhneoirí Béarla na hÉireann, ar nós Joyce, Beckett agus Flann O’Brien (Brian Ó Nualláin), cur chuige liteartha a raibh toradh ollmhór aige ar chúrsaí liteartha an domhain – go háirithe sa chomhthéacs (iar)-nua-aoiseach. Léireoidh mé gur tháinig an cur chuige seo chun cinn de bharr an choibhnis shainiúil atá ag muintir na hÉireann le teanga – coibhneas atá ginte i nguagacht faoin rud is teanga féin ann. Áitím gur eascair an ghuagacht seo as an athrú stádais – ó phríomhtheanga go mionteanga – a tharla don Ghaeilge. Áitím gur cruthaíodh feasacht ar fholús i bhféiniúlacht na tíre nuair a tharla an t-athrú sin agus go raibh tionchar ag an bhfeasacht seo ar litríocht na hÉireann – idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is minic a fhéachann an túrscéal iar-nua-aoiseach, i ngach teanga ina gcleachtar a leithéid, le staidéar a dhéanamh ar na slite ina gcruthaítear brí sa saol trí theanga agus trí reacaireacht. Murab ionann is a mbíonn i gceist san úrscéal ‘traidisiúnta’ – an t-úrscéal ‘réadach’ mar a tuigtear leis – glacann iar-nua-aoiseachas leis go bhfuil solúbthacht agus saorgacht i ngach léiriú ar an mbrí seo. Léiríonn na húrscéalta atá faoi chaibidil sa tráchtas seo an-doimhneacht liteartha. Is saothair fhéinchomhfhiosacha agus mheitificseanúla iad a thaispeánann éiginnteacht i leith brí absalóidigh. Oibríonn siad mar léiriú ar fheidhm na teanga sa saol agus ar na slite ina gcruthaíonn gach reacaireacht a fírinne féin. Cé gur tréithe iar-nua-aoiseacha iad siúd, is tréithe iad chomh maith a bhaineann le stádas na mionteanga.