LOCUS – Irish Placenames and Title Names - Doctoral Theses

Permanent URI for this collection

Browse

Recent Submissions

Now showing 1 - 1 of 1
  • Item
    Cás-staidéir ar logainmneachaibh agus ar threabhainmneachaibh dar tús ‘L’ ó fhoinsíbh Gaoluinne agus Laidine idir c.400-c.1800 A.D.
    (University College Cork, 2022) Ó Cionnfhaolaidh, Cian; Murray, Kevin; Nic Cárthaigh, Emma; Brian Mac Cárthaigh; Bord Stiúrthóirí FEXCO; St. Finnian's Trust
    Deintear iarracht sa tráchtas so iniúchadh deimhin a dhéanamh ar réimse ainmneacha stairiúla dar tús ‘L’, idir logainmneacha is treabhainmneacha, a thagann ó achainníbh Gaoluinne agus Laidin na hÉireann a bhaineann leis an dtréimhse 400-1800. Do bhailíos na hainmneacha so agus dheineas anailís ortha le linn mo thréimhse oibre leis an dTionscnamh Locus. Is é cuspóir an tionscnaimh so foclóir áitainmnaíoch is treabhainmníoch a chur ar fáil ar a dtugtar, Historical Dictionary of Gaelic Placenames [HDGP]. Cuirfear an foclóir so in áit an Onomasticon Goedelicum (OnomG) le hEdmund Hogan: .i. an seana-fhoclóir. Roghnaíog na hainmneacha a chuireag san áireamh sa tráchtas de réir ord aibítre na n-ainmneacha mar atháid leagaithe amach ins an OnomG féinig go ginearálta; agus de réir sean-achainní a bhfuil innéacsanna acu agus flúirse sean-ainmneacha ionta, mar athá, inter alia, na hannála, e.g. Annála Uladh; na geinealaigh, e.g. Corpus Genealogiarum Hiberniae; Lebor Gabála Érenn agus Lebor na Cert. Ina theannta san, bhailíog agus dheineag anailís ar roinnt ainmneacha eile sa tráchtas so nár iniaigh Hogan, mar athá ag teacht le polasaí Thionscaimh Locus féinig, m.sh. na Hardiman Legal Deeds. I gcorp an tráchtais mar san, tugtar ceann-iontrálacha na n-ainmneacha féinig ar dtúis mar a fhoilseofar amach anso mar chuid de HDGP. Díreach i ndiaidh gach ceann-iontrála, tugtar tráchtaireacht ina ndeintear plé ar bhrí agus ar mholtaíbh mar gheall ar shuíomh na hainme athá fé chaibideal. I gcás na n-iontrálacha, tháid scrite i mBéarla toisc gurb é sin teanga an fhoclóra HDGP agus léirítear brí agus suíomh na n-ainmneacha ar dtúis. Soláthraítear tagairtí na n-ainmneacha féinig ansan agus iad curtha leis an iontráil go croineolaíoch agus iad roinnte le fo-theidealaibh ar bhonn théamaí comhchoitinne a gheibhtear i measc na dtagairtí féinig: ‘Traditional derivation’, ‘Early references’, ‘Genealogical references’, ‘Short form’ srl. Ag deireadh na hiontrála ansan, tugtar na hachainní tánaisteacha ina bpléitear ainm na hiontrála, mar aon le cros-tagairtíbh do leaganachaibh éagsúla na hainme san agus ainmneacha gaolmhara eile. I dtaobh na tráchtaireachta ansan, deintear gach iarracht aoinní a thabharfadh brí, suíomh nú foirmeacha éagsúla na n-ainmneacha le fios a phlé. Mar aon le haird a thabhairt ar fhoinsíbh tánaisteacha, baintear feidhm as roinnt modhanna go háirithe le haghaidh suímh na n-ainmneacha dh’fhuascailt. Mar shampla, is minic a chuirtear na tagairtí féinig i gcomparáid lena chéile, mar aon le comhthéacs téacsúil na hachainne a thuiscint, e.g. an chuid den dtéacs ina luaitear an ainm féineach a ghéirléamh do leideannaibh mar gheall ar shuíomh na hainme sin. Má luaitear ainmneacha eile sa téacs i dteannta na hainme athá fé chaibideal, deintear iarracht iadsan dh’aimsiú chón maith d’fhonn suímh na hainme féinig a chúngú nú a thriantánú. Baintear leas as léarscáileannaibh nua-aimseartha na Suirbhéireachta Ordanáis mar aon le ceannaibh stairiúla eile cosúil le léarscáileannaibh Grand Jury le Pelham agus léarscáileanna de chuid Petty sa chúram so chón maith. In ainneoin mo sheacht ndícheall suíomh ainmneacha a mheas, is minic nach féidir ach moltaí a thabhairt agus ráiníonn sé ar uairibh eile ná bím inniúil ar mholadh a thabhairt fiú. Tháid na hiontrálacha sa tráchtas roinnte i gceithre caibideal. Caibideal a hAon a dhíríonn ar na hainmneachaibh dar tús ‘L’ mar a gheibhtear iad sna Hardiman Legal Deeds amháin, mar athá Leathbhaile, Leathcheathramha, Lios agus Longphort. I gCaibideal a Dó, tugtar aghaidh ar onomata ó réimse leathan foinsí gur gnéithe topagrafaíocha iad. Mar athá: Labhrann, Lachtmhagh, Ladhrann, Lagán, Lag an Choire, Lathach, Leac, Leaca(in), Leithead, Leithghleann, Leitir Luighne, Liathghort agus Liathmhagh. I gCaibideal a Trí, tugtar fé dhéin na Laoigheas agus na fodhreamanna a bhain leo. I gCaibdeal a Ceathair ansan, tugtar iontrálacha do roinnt aitheachthuatha dar tús ‘L’: .i.. Ladraighe, Liobha(r)traighe, Lu(i)dhr(a)ighe, Lu(i)sr(a)ighe, a thagann ó Leagan a hAon de Tairired na nDéssi agus na liostaí / tráchtaireachtaí treabhchais; agus an ainm Ladhg(h)mainn a gheibhtear in Annála Ríoghachta Éireann, Annála Inis Faithlinn, Leabhar Muimhneach agus Leabhar Mór na nGeinealach. Mar a chítear anso, thá an tráchtas scartha i ndá rann ina ndírítear ar logainmneachaibh sa chéad chuid de, .i. Caidbideal a hAon is a Dó, agus ar threabhainmneachaibh sa tara cuid, .i. Caibideal a Trí is a Ceathair.