Nua-Ghaeilge / Modern Irish - Masters by Research Theses
Permanent URI for this collection
Browse
Recent Submissions
Item An briathar mí-rialta i nGaeluinn na nDéise(University College Cork, 2004) Uí Fhoghlú, Áine; Ua Suilleabhain, SeanTá an saothar taighde seo bunaithe ar thuairim is triocha uair an chloig dʼabhar a dheineas a thaifeadadh ar fístéip idir 1990-ʼ94 i measc na gcainteoirí is fearr a bhí i nGaeltacht na Rinne agus an tSeana-Phobail ag an am. Ina measc so tá éinne dhéag gur sár-chainteoirí láidre ná tabharfaí tionchar an Bhéarla ná tionchar ghramadach na scoile fé ndeara ar a gcuid Gaeilge. Tá triúr ina measc gur sár-chainteoirí iad a tógadh le Gaeilge sa Rinn agus a bhí ina múinteoirí i rith a saoil. Cainteoirí iad so a bhfuil a gcuid urlabhra ana-shoiléir agus aird acu ar chruinneas gramadaí, aird ná fuil le fáilt ina measc súd a bhí gan oideachas foirmeálta. Tá cúigear sa chnuasach a tógadh le Gaeilge ach a raibh go leor Béarla le clos acu ina n-óige agus bhí cúpla duine acu san as taithí a bheith ag caint na Gaeilge le tamall roimh an taifeadadh. Ar an abhar a dheineas a thaifeadadh bhí mórchuid seanchais, scéalaíochta, amhránaíochta agus stair áitiúil. Nuair a thug Roinn na Nua-Ghaeilge cead agus cuireadh dom an taighde seo a dhéanamh beartaíodh gur saothar deilbhíochta ar Ghaeluinn na nDéise a bheadh ann agus an taighde dírithe ar an mbriathar mí-rialta mar ná raibh a leithéid de shaothar ann roimhe seo sa chanúint sin. Mar sin is é teideal an tsaothair ʻAn briathar mí-rialta i nGaeluinn na nDéiseʼ. Ar dtúis chaitheas éisteacht go grinn leis na téipeanna agus gach sampla de gach briathar mí-rialta a dʼúsáid na cainteoirí a bhreacadh síos, ansan ord agus eagar a chur orthu. De réir mar a bhí an obair ag dul chun cinn bhí eolas nua á nochtadh dom. Cé gurb iad na téipeanna atá mar bhun-fhoinse taighde agam úsáidim leabhair thaighde ar Ghaeluinn na nDéise mar fhoinsí tagartha agus táid seo ar fad liostáilte sa saothar. Is é an Dr. Seán Ua Súilleabháin a stiúraigh an obair.