An Craoibhín Aoibhinn agus Mr Douglas Hyde: dialanna Dhubhghlais de hÍde 1874-1882

Loading...
Thumbnail Image
Files
Date
2021
Authors
Tóibín, Feena
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
University College Cork
Published Version
Research Projects
Organizational Units
Journal Issue
Abstract
Tá Dubhghlas de hÍde (An Craoibhín Aoibhinn, 1860-1949) ar dhuine de na pearsana is tábhachtaí i stair na Gaeilge, gan trácht ar stair na hÉireann. Iarracht atá sa tráchtas seo cur leis an obair scoláiriúil atá déanta go dtí seo ar a shaol agus ar a shaothar, trí léiriú úr a thabhairt ar a luathshaol agus a luathshaothar idir na blianta 1874 agus 1882. Baineann na blianta seo le teacht in inmhe don bhfear óg neamhchoitianta seo, ón ndéagóir ceithre bliana déag d’aois go dtí an mac léinn ollscoile dhá bhliain is fiche d’aois. Tá dhá sprioc i gceist: 1. Eagrán dioplamáideach de na ceithre dialanna tosaigh a sholáthar, agus fonótú a dhéanamh ar na dialanna sin, chun oiread eolais agus is féidir mar gheall ar an gCraoibhín ina óige dó a chur ar fáil. Tá tábhacht nach beag leis an sprioc seo ós rud é nár foilsíodh na dialanna seo ina n-iomláine in aon áit eile riamh roimhe seo. 2. a) Anailís a dhéanamh, i sraith chaibidlí, ar ghnéithe suntasacha a eascraíonn as an saothar eagarthóireachta atá luaite thuas. Is iad seo a shaol baile, a chuid oideachais, a spéis sa Ghaeilge agus i dteangacha eile, agus ar deireadh, a chuid filíochta. b) Cur leis an eolas ar fhorás an Chraoibhín mar scríbhneoir cruthaitheach trí thagairt do na dánta a chum sé le linn bhlianta na ndialann seo. Nasc is ea na dánta seo idir saol agus saothar ealaíne an Chraoibhín nár léiríodh roimhe seo.
Description
Keywords
Gaeilge , Dialanna , Dubhghlas de hÍde
Citation
Tóibín, F. 2021. An Craoibhín Aoibhinn agus Mr Douglas Hyde: dialanna Dhubhghlais de hÍde 1874-1882. PhD Thesis, University College Cork.
Link to publisher’s version