Abstract:
Murab ionann agus an té a thionscain Beatha Cholaim Chille sa bhliain 1532, agus a cailleadh in 1563, is beag trácht a rinneadh riamh ar Mhaghnus Ó Domhnaill eile, fear a bhí suas breis is céad bliain ina dhiaidh sin (fl. 1694–1706), ach nach eol dúinn mórán eile mar gheall ar a shaol. Bíodh sin mar atá, rinne an dara Maghnus seo cion fir i saothrú litríocht Ghaeilge a linne féin. San alt seo, pléifear gnéithe den chóipeáil agus den aistriúchán a rinne an tAthair Maghnus Ó Domhnaill i mblianta deiridh an seachtú haois déag, agus i bhfíorthús an ochtú haois déag. I bhfianaise a annaimhe a thiontaigh lucht scríofa na Gaeilge go díreach ón Spáinnis, is ar an dara gné sin dá shaothar, a chuid aistriúcháin, a dhíreoidh an t-alt seo, ach féachfar i dtosach le tuairisc éigin a thabhairt ar a chúlra agus ar ar chóipeáil sé mar scríobhaí.