Comthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided: Eagrán maille le hanailís liteartha agus teanga

Loading...
Thumbnail Image
Files
Full Text E-thesis.pdf(1.24 MB)
Full Text E-thesis
Date
2016
Authors
O'Donoghue, Ken
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
University College Cork
Published Version
Research Projects
Organizational Units
Journal Issue
Abstract
Is scrúdú ar théacs amháin, Comthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided (CLcC), a chaomhnaítear i lámhscríbhinn amháin, Lebor na hUidre (LU), atá sa tráchtas seo. Bíodh is gurb é LU an lámhscríbhinn Ghaelach is sine a chaomhnaíonn scéalta leanúnacha i nGaeilge, agus gur ábhar staidéir ar leith i ngort na Gaeilge agus na Ceiltise é dá réir, níor scrúdaíodh CLcC as féin mar earra litríochta fós, ná ní dhearnadh mionscrúdú ar an teanga ann ach chomh beag. Ceapadh gur mhithid an téacs a mheas ar na cúiseanna sin. Roinntear an tráchtas ina dhá chuid, mar atá: (a) cuid a haon, a chuireann síos ar chomhthéacs na lámhscríbhinne agus ar cheisteanna a bhaineann lena lucht scríofa, chomh maith le hanailís liteartha ar théamaí a luaitear sa téacs féin. Déantar ceist an rangaithe a phlé chomh maith, is é sin, conas is ceart rangú a dhéanamh ar CLcC; (b) cuid a dó, is eagrán agus aistriúchán den téacs atá inti, chomh maith le nótaí teanga a scrúdaíonn gnéithe suntasacha den teanga, agus gluais. An dá shórt anailíse a chuirtear chun cinn i rith an tráchtais, .i. an scrúdú liteartha agus an t-iniúchadh ar an teanga, déantar iad a shuíomh i gcomhthéacs LU trí chéile oiread agus is féidir. Féachann an cur chuige seo le taispeáint gur de dhlúth na lámhscríbhinne féin na téamaí (mar shampla creideamh, cumhacht, ríogacht) is bun le CLcC, agus gur sampla an-spéisiúil de thoisí teanga LU an téacs seo, óir léiríonn sé caomhnú ábhar ón tSean-Ghaeilge chomh maith le forbairtí teanga a bhaineann le ré na Meán-Ghaeilge. Sna nótaí teanga, leis, cuirtear samplaí as lámhscríbhinní comhaimseartha eile san áireamh, chomh maith le foinsí níos sine ná sin, le bonn a chur faoin áitiú a dhéantar ar aois na teanga in CLcC.
Description
Keywords
Sean-Ghaeilge , Meán-Ghaeilge
Citation
O'Donoghue, K. 2016. Comthóth Lóegairi co Cretim ocus a Aided: Eagrán maille le hanailís liteartha agus teanga. PhD Thesis, University College Cork.