Abstract:
Tá Dubhghlas de hÍde (An Craoibhín Aoibhinn, 1860-1949) ar dhuine de na pearsana is
tábhachtaí i stair na Gaeilge, gan trácht ar stair na hÉireann. Iarracht atá sa tráchtas seo
cur leis an obair scoláiriúil atá déanta go dtí seo ar a shaol agus ar a shaothar, trí léiriú úr
a thabhairt ar a luathshaol agus a luathshaothar idir na blianta 1874 agus 1882. Baineann
na blianta seo le teacht in inmhe don bhfear óg neamhchoitianta seo, ón ndéagóir ceithre
bliana déag d’aois go dtí an mac léinn ollscoile dhá bhliain is fiche d’aois.
Tá dhá sprioc i gceist:
1. Eagrán dioplamáideach de na ceithre dialanna tosaigh a sholáthar, agus fonótú a
dhéanamh ar na dialanna sin, chun oiread eolais agus is féidir mar gheall ar an
gCraoibhín ina óige dó a chur ar fáil. Tá tábhacht nach beag leis an sprioc seo ós
rud é nár foilsíodh na dialanna seo ina n-iomláine in aon áit eile riamh roimhe
seo.
2. a) Anailís a dhéanamh, i sraith chaibidlí, ar ghnéithe suntasacha a eascraíonn as
an saothar eagarthóireachta atá luaite thuas. Is iad seo a shaol baile, a chuid
oideachais, a spéis sa Ghaeilge agus i dteangacha eile, agus ar deireadh, a chuid
filíochta.
b) Cur leis an eolas ar fhorás an Chraoibhín mar scríbhneoir cruthaitheach trí
thagairt do na dánta a chum sé le linn bhlianta na ndialann seo. Nasc is ea na
dánta seo idir saol agus saothar ealaíne an Chraoibhín nár léiríodh roimhe seo.