Caoilte sa Luath-Fhiannaíocht

Loading...
Thumbnail Image
Files
Trachtas.leagdeir1-converted.pdf(1.33 MB)
Full Text E-thesis
Date
2018
Authors
Ó Síocháin, Tadhg
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
University College Cork
Published Version
Research Projects
Organizational Units
Journal Issue
Abstract
Sa tráchtas seo, déantar iniúchadh ar ról agus ar fheidhm Chaoilte sa luathFhiannaíocht – ó na samplaí is luaithe go dtí c. 1400. Tá mórfhócas ann ar an léiriú a dhéantar ar Chaoilte in Acallam na Senórach agus i nDuanaire Finn go háirithe, ach tagraítear chomh maith do shamplaí níos déanaí den Fhiannaíocht, de réir mar is gá, chun gnéithe ar leith a léiriú. Téitear amach ar ról Chaoilte mar phearsa thairseachúil, mar fhéinní, mar revenant, mar fhile, mar cheoltóir, mar chleasaí agus mar idirghabhalaí idir an traidisiún réamhChríostaí agus luachanna na sochaí Críostaí agus idir an saol daonna agus an saol osnádúrtha. Déantar roinnt de na tréithe agus de na cáilíochtaí a bhaineann le Caoilte a iniúchadh i bhfianaise litríocht an laochais sa traidisiún Gaelach agus sa litríocht chlasaiceach. Scrúdaítear ról Chaoilte mar sheachadóir seantraidisiúin agus mar urlabhbraí thar ceann saoil atá imithe i bhfianaise teoiricí a bhaineann le staidéar na cuimnhe mar atá léirithe ag Assman, Carruthers, Duby agus scoláirí eile. Déantar misteachas Chaoilte agus na Féinne a iniúchadh faoi sholas scríbhinní van Gennep, Turner, Lévi-Strauss, Lewis agus Eliade inter alia. De bhrí go mbaineann An Leabhar Laighneach le pointe i stair na hÉireann ina raibh athruithe cuimsitheacha ag tarlú maidir le cúrsaí sóisialta, polaitíochta, eaglasta agus liteartha, déantar an t-ábhar ann a bhaineann leis an bhFiannaíocht i gcoitinne agus le Caoilte go háirithe a iniúchadh agus déantar an léargas a fhaightear orthusan sna tréimhsí réamh- agus iar-Normannacha a mheas Cuirtear síos ar chuid den neamhsheasmhacht agus den pharadacsúlacht a bhaineann leis an léiriú a dhéantar ar Chaoilte i bhfoinsí éagsúla ón tréimhse atá faoi staidéar. Áitítear, áfach, go mbaineann seasmhacht agus comhleanúnachas nach beag leis na feidhmeanna agus na rólanna a bhíonn aige, ainneoin éagsúlacht na seánraí agus fhad na tréimhse atá i gceist.
Description
Keywords
Caoilte , Fiannaíocht
Citation
Ó Síocháin, T. 2018. Caoilte sa Luath-Fhiannaíocht. PhD Thesis, University College Cork.