Ré nua churaclaim - Peirspictíochtaí ar mhúineadh na nua-theangacha iasachta sa bhunscoil lán-ghaeilge
| dc.contributor.author | Collins, Julia | |
| dc.contributor.author | Ó Ceallaigh, T.J. | |
| dc.date.accessioned | 2026-05-22T10:50:04Z | |
| dc.date.available | 2026-05-22T10:50:04Z | |
| dc.date.issued | 2026-05-13 | |
| dc.description.abstract | Tá córas oideachais na bunscoile in Éirinn ag dul trí thréimhse shuntasach athnuachana agus athchóirithe faoi láthair. Sa tréimhse seo d’athrú agus d’fhorbairt leanúnach san oideachas bunscoile, tá treo nua á leagan amach a dhéanann athmhachnamh ar ábhar agus ar chur chuige an churaclaim chun freastal níos éifeachtaí ar riachtanais chomhaimseartha na ndaltaí. Tá a cur chuige nua dírithe ar fhorbairt iomlánaíoch an linbh agus ar chothromaíocht idir eolas, scileanna agus luachanna. Ina theannta sin, táthar ag iarraidh leanúnachas agus dul chun cinn céimnithe a chinntiú ar fud an timthrialla bhunscoile. Le blianta beaga anuas, is iomaí athrú a fheictear i gcomhthéacs an churaclaim bhunscoile (Curaclam Teanga na Bunscoile 2025; Creatchuraclam na Bunscoile 2023). Moladh athfhorbairtí sonraíochta i dtaobh na folláine, na healaíona, Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM) agus Oideachas Sóisialta, Timpeallachta agus Eolaíochta (OSTE), ach is iad na ranganna sinsearacha amháin (rang a trí go rang a sé) a bheidh ag tabhairt faoi theagasc Nua-Theangacha Iasachta (NTI) amach anseo. Dírithe ar chéim 3 agus 4 an timthrialla oideachais bhunscoile (NCCA, 2023), táthar ag súil go reáchtálfar teagasc na NTI i ndá chuid de réir a chéile .i. Feasacht Teanga (cur chuige iomlánaíoch i leith na dteangacha, cultúir agus tíortha éagsúla) agus Sealbhú Teanga (bunús téarmaíochta, scileanna meiteatheangeolaíocha agus eochairfhocail na sprioctheanga). Sa chomhthéacs straitéiseach níos leithne seo, ailínítear cur i bhfeidhm na NTI go dlúth leis na spriocanna náisiúnta atá leagtha amach do theangacha i gcóras oideachais na hÉireann. Leagtar amach réimse leathan cuspóirí in Déanann Teangacha Nasc – Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn (2017–2026), agus ar cheann de na príomhaidhmeanna atá inti ná ‘cumas na bhfoghlaimeoirí cumarsáid éifeachtach a dhéanamh a fhorbairt chomh maith lena gcaighdeáin inniúlachta i dteangacha a ardú’ (DES, 2016–2019: 24). | en |
| dc.description.version | Published Version | |
| dc.format.extent | 20 | |
| dc.format.mimetype | application/pdf | en |
| dc.identifier.articleid | 2 | |
| dc.identifier.authororcid | Collins, Julia§0009-0002-2528-281X | |
| dc.identifier.authororcid | Ó Ceallaigh, T.J.§0000-0002-6303-5425 | |
| dc.identifier.citation | Collins, J & Ó Ceallaigh, T J 2026, 'Ré nua churaclaim - Peirspictíochtaí ar mhúineadh na nua-theangacha iasachta sa bhunscoil lán-ghaeilge', An Reiviú, vol. 14, 2, pp. 19-38. < https://leannteangaanreiviu.com/wp-content/uploads/LT_2026_02-Collins_OCeallaigh-v1.pdf > | |
| dc.identifier.endpage | 38 | |
| dc.identifier.issn | 2737-7636 | |
| dc.identifier.other | ORCID: /0009-0002-2528-281X/work/215517868 | |
| dc.identifier.other | ORCID: /0000-0002-6303-5425/work/215518741 | |
| dc.identifier.startpage | 19 | |
| dc.identifier.uri | https://hdl.handle.net/10468/18826 | |
| dc.identifier.volume | 14 | |
| dc.language.iso | en | |
| dc.relation.uri | https://leannteangaanreiviu.com/wp-content/uploads/LT_2026_02-Collins_OCeallaigh-v1.pdf | |
| dc.rights | © 2026, the Authors. | |
| dc.rights.accessrights | open access | |
| dc.rights.licensename | Attribution 4.0 International | |
| dc.rights.uri | https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/ | |
| dc.status | Peer reviewed | |
| dc.subject | Múinteoirí bunscoile | |
| dc.subject | Nua-theangacha iasachta (NTI), | |
| dc.subject | Tumoideachas | |
| dc.subject | Athfhorbairt churaclaim | |
| dc.subject | Ilteangachas | |
| dc.subject | [Education] | |
| dc.title | Ré nua churaclaim - Peirspictíochtaí ar mhúineadh na nua-theangacha iasachta sa bhunscoil lán-ghaeilge | en |
| dc.type | Review |
Files
Original bundle
1 - 1 of 1
