Gnéithe de shaol an Oileáin in Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin

Loading...
Thumbnail Image
Date
2016
Authors
Ní Riain, Isobel
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
Published Version
Research Projects
Organizational Units
Journal Issue
Abstract
Is é is tábhachtaí liom san alt seo ná tábhacht an bhaile, tábhacht an Gemeinschaft, sa saothar Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin. Bean óg a bhí inti nuair a thosnaigh Eibhlín ag scríobh na dialainne. Bhí cónaí uirthi ar an mBlascaod Mór i gCo. Chiarraí. Is féidir oileán fileata Mháirtín Uí Dhireáin, a bhí bunaithe ar Inis Mór, Árainn, a mheas i dtéarmaí an Gemeinschaft chomh maith. Murab ionann agus Gemeinschaft Mháirtín Uí Dhireáin, níl muintir oileán Eibhlín ar aon dul lena chéile. Tá éagsúlacht le sonrú eatarthu. Déanann Eibhlín Ní Shúilleabháin cur síos ar an saghas oibre a dhéantar ar an oileán. Déanann sí trácht ar shaol na gcailíní agus saol na mbuachaillí agus ar an saoirse a bhíonn acu in áit nach bhfuil sagart ná garda ann. Is é an smacht sóisialta is tábhachtaí agus is éifeachtaí ná an gáire a dhéantar faoi dhaoine. Glaotar an ‘leibhéal’ air seo. Cé go bhfuil Eibhlín an-sásta léi féin san oileán, tosnaíonn sí ag achnamh ar dhul go Meiriceá. D’fhéadfaí a rá go raibh brú uirthi a leithéid a dhéanamh toisc go raibh na daoine óga go léir ag imeacht. Cuntas dhuine óig atá anseo rud a dhealaíonn an saothar seo amach ó chuntais Pheig Sayers agus ó chuntais Thomáis Uí Chriomhthain.
Description
Keywords
Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin , [DPR]
Citation
Ní Riain, I. (2016) 'Gnéithe de shaol an Oileáin in Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin', Bliainiris, 11, pp. 192-209.
Link to publisher’s version
Copyright
© 2016, the Author.