Saothair Oideachais an Ghúim 1926-46

dc.check.embargoformatHard bound copy in Library onlyen
dc.check.entireThesisEntire Thesis Restricted
dc.check.opt-outYesen
dc.check.reasonThis thesis is due for publication or the author is actively seeking to publish this materialen
dc.contributor.advisorButtimer, Corneliusen
dc.contributor.authorÓ hUallacháin, Seán Breandán
dc.date.accessioned2016-09-27T08:21:12Z
dc.date.issued2016
dc.date.submitted2016
dc.description.abstractCeann de phrionsabail bhunaidh An Ghúim téacsleabhair agus leabhair ghinearálta a sholáthar do dhaltaí scoile is do lucht léitheoireachta na Gaeilge. Ábhair a bhaineann le curaclam na scoile, cuir i gcás, eolaíocht is tíos, oideachas, saoránaíocht, spórt, na teangacha Clasaiceacha, tíreolaíocht, taisteal agus an nádúr, creideamh is stair, a roghnaítear don taighde seo. Tugtar Aguisín (921 lch) le bheith ina threoir do phríomh-bhunachar sonraí na dochtúireachta seo (an chiall ghinearálta mar bhailiúchán eolais atá i gceist le “bunachar” sa tráchtas seo in ionad brí theicniúil ar leith). Trí phríomhchuid atá sa staidéar: “buneolas”, “anailís” is “toradh”. Sa “Bhuneolas”, tugtar cuntas beathaisnéiseach ar na bunúdair, soláthraítear achoimre ar na foilseacháin faoi staidéar, mar aon le faisnéis bhibleagrafaíochta i dtaobh na n- aistritheoirí, agus eolas faoi na comhlachtaí foilsitheoireachta a bhí páirteach sna tograí. Pléann “Anailís” brainsí de chuid an státchórais mar an Roinn Oideachais agus an Roinn Airgeadais i gcúrsaí maoinithe, nó gníomhairí lasmuigh de, cosúil le lucht deartha is clóchuradóireachta; moladh is coimisiúnú na saothar; sonraí cóipchirt na bhfoilseachán; roghnú, monatóireacht is díolaíocht na n-aistritheoirí, mar aon le breithniú inmheánach is seachtrach. Sa chuid dheireanach, féachtar le “Toradh” na hiarrachta a mheas, ag tagairt den líon cóipeanna de na leabhair a díoladh. Faightear eolas ar fhiosrú léitheoirí; praghas na leabhar; a ndíolachán is a n- athchló. Tugtar léirmheasanna a scríobhadh ar na haistriúcháin Ghaeilge agus na cúiseanna nár tháinig tograí ar leith chun críche. Is é aidhm na hoibre thar aon ní eile gné lárnach chasta d’eisint An Ghúim atá ligthe i ndíchuimhne a thabhairt ar ais chugainn go beo beathaíoch faoi mar a bhí lena ré saoil féin.ga
dc.description.statusNot peer revieweden
dc.description.versionAccepted Version
dc.format.mimetypeapplication/pdfen
dc.identifier.citationÓ hUallacháin, S. B. 2016. Saothair Oideachais an Ghúim 1926-46. PhD Thesis, University College Cork.en
dc.identifier.urihttps://hdl.handle.net/10468/3117
dc.language.isogaen
dc.publisherUniversity College Corken
dc.rights© 2016, Seán Breandán Ó hUallacháin.en
dc.rights.urihttp://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/en
dc.subjectAn Gúmga
dc.subjectOideachasga
dc.subjectSaothair Oideachaisga
dc.thesis.opt-outtrue
dc.titleSaothair Oideachais an Ghúim 1926-46ga
dc.typeDoctoral thesisen
dc.type.qualificationlevelDoctoralen
dc.type.qualificationnamePhD (Arts)en
Files
Original bundle
Now showing 1 - 1 of 1
Loading...
Thumbnail Image
Name:
CORA.doc
Size:
27 KB
Format:
Microsoft Word
Description:
Abstract
License bundle
Now showing 1 - 2 of 2
Loading...
Thumbnail Image
Name:
license.txt
Size:
5.62 KB
Format:
Item-specific license agreed upon to submission
Description:
Loading...
Thumbnail Image
Name:
Decision To Withold EThesis Autumn 2016 Seán Ó hUallachain.pdf
Size:
292.74 KB
Format:
Adobe Portable Document Format
Description:
Opt-Out Form