Iniúchadh ar chleachtais an trasteangaithe i nGaelscoileanna

dc.check.date2027-12-31
dc.contributor.advisorÓ Ceallaigh, T. J.
dc.contributor.advisorNí Íceadha, Máire
dc.contributor.authorNic an Fhailí, Helenaen
dc.contributor.funderAn Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
dc.date.accessioned2026-09-17T12:01:05Z
dc.date.available2026-09-17T12:01:05Z
dc.date.issued2025-12-18en
dc.date.submitted2025-12-18
dc.description.abstractBa é Cen Williams, oideachasóir iomráiteach ón mBreatain Bheag, a bhain leas as an téarma ‘trasteangú’ (trawsieithu) den chéad uair mar shainmhíniú ar “úsáid phleanáilte, chórasach an dá theanga don teagasc agus foghlaim sa cheacht céanna’ (Baker agus Wright, 2017, lch.280) ionas go ndéanfaidh na daltaí dul chun cinn sa dá theanga. Cuireann Ó Ceallaigh agus Ó Brolcháin (2020, lch.171) síos ar an trasteangú mar ‘malartú córasach in úsáid dhá theanga sa seomra ranga tumoideachais atá ann chun tacú le foghlaim an ábhair agus le forbairt inniúlachta sa dá theanga de réir mar a théann na daltaí i dtaithí ar an dátheangachas’. Níos mó ná riamh, tá taighdeoirí ar an oideachas sa dara teanga ag éileamh go n-úsáidfí cleachtais oideolaíocha trasteangaithe i gcláir dhátheangacha/thumoideachais chun foghlaimeoirí dátheangacha agus a múinteoirí a spreagadh le leas a bhaint as a n-acmhainní teanga ar fad (Canagarajah, 2011; García agus Wei, 2014). Réasúnaíocht lárnach don chomhtháthú thar theangacha is ea gur féidir éifeachtúlachtaí foghlama a bhaint amach nuair a tharraingíonn múinteoirí aird na ndaltaí go follasach ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir na teangacha atá acu agus nuair a threisíonn siad straitéisí foghlama lárnacha ar bhealach comhordaithe. I ngaelscoileanna, is trí Ghaeilge a mhúintear na hábhair ar fad ach amháin an Béarla a mhúintear trí Bhéarla. Mar sin féin, tuigtear go mbíonn an Béarla in úsáid le linn ceachta i ngaelscoileanna (Ó Ceallaigh agus Ó Brolcháin, 2020). Anuas air sin, tá béim leagtha ar chomhtháthú idir teangacha agus naisc thrasteanga in Curaclam Teanga na Bunscoile (2019) cé nach soláthraítear treoirlínte ar conas é seo a bhaint amach ar mhaithe le feidhmiú an chórais tumoideachais. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal taighde seo iniúchadh oibiachtúil a dhéanamh ar eispéiris ghairmiúla iarbhír mhúinteoirí na n-ardranganna i ngaelscoileanna mar a bhaineann leis an trasteangú a chur i bhfeidhm. Chun teacht ar an léargas seo, scaipeadh ceistneoir go náisiúnta, reáchtáladh taighde feidhmeach agus riaradh grúpa fócais agus agallaimh aonair chun sonraí ó mhúinteoirí a ghiniúint. Baineadh úsáid as paraidím phragmatach a úsáideann modhanna measctha chun creidiúintí agus eispéiris na múinteoirí ar an trasteangú a bhailiú. Tháinig sé chun solais gur athraigh creidiúintí an mhúinteora i leith an trasteangaithe ag brath ar an gceist a bhí á plé agus aithníodh dhá théama sna sonraí, an trasteangú mar bhac agus an trasteangú mar thaca. Cuireadh deis mhachnaimh ar fáil do mhúinteoirí i dtaobh ról an trasteangaithe ina seomraí ranga agus na dúshláin ábhartha a phlé. Chuige sin, aithníodh réamhriachtanais do chur i bhfeidhm éifeachtach an trasteangaithe. Tá léargas sa taighde ar fhorbairt ar thuiscint an mhúinteora ar chur i bhfeidhm an trasteangaithe i ndiaidh an taighde fheidhmigh. Sonraítear na féidearthachtaí a bhaineann leis an trasteangú de réir mhúinteoirí an taighde seo lena n-áirítear féidearthachtaí sna hábhair agus na féidearthachtaí idir na teangacha. Tá moltaí ann maidir le cleachtas trasteangaithe an mhúinteora, moltaí i dtaobh acmhainní teagaisc, moltaí do lucht déanta beartas mar aon le moltaí do thaighdeoirí an ghoirt. Léiríonn an taighde go bhféadfadh iliomad feidhm a bheith ag an trasteangú ach go mbaineann gá le treoirlínte taighdebhunaithe a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe le tosaíocht na Gaeilge a chosaint.en
dc.description.statusNot peer revieweden
dc.description.versionAccepted Versionen
dc.format.mimetypeapplication/pdfen
dc.identifier.citationNic an Fhailí, H. 2025. Iniúchadh ar chleachtais an trasteangaithe i nGaelscoileanna. PhD Thesis, University College Cork.
dc.identifier.endpage376
dc.identifier.urihttps://hdl.handle.net/10468/19278
dc.language.isogaen
dc.publisherUniversity College Corken
dc.rights© 2025, Helena Nic an Fhailí.
dc.rights.urihttps://creativecommons.org/licenses/by/4.0/
dc.subjectan Trasteangúen
dc.subjectGaelscoilen
dc.subjectMionteangachaen
dc.titleIniúchadh ar chleachtais an trasteangaithe i nGaelscoileannaen
dc.typeDoctoral thesisen
dc.type.qualificationlevelDoctoralen
dc.type.qualificationnamePhD - Doctor of Philosophyen
Files
Original bundle
Now showing 1 - 1 of 1
Loading...
Thumbnail Image
Name:
NicanFhailíH_PhD2025.pdf
Size:
5.65 MB
Format:
Adobe Portable Document Format
Description:
Full text E-thesis
License bundle
Now showing 1 - 1 of 1
Loading...
Thumbnail Image
Name:
license.txt
Size:
5.2 KB
Format:
Item-specific license agreed upon to submission
Description: