‘Caithfidh sé go bhfuil talamh éigin sa lár’ Múinteoirí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge ag dul i ngleic le tascanna idirghabhála trasteangeolaíocha chun aghaidh a thabhairt ar ról an Bhéarla sa chleachtas

Loading...
Thumbnail Image
Files
Date
2024
Authors
Ní Chonchúir, Ailín
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
University College Cork
Published Version
Research Projects
Organizational Units
Journal Issue
Abstract
Sa cháipéis The Common European Framework of Reference for Languages – Learning, Teaching, Assessment (Comhairle na hEorpa 2001) d’áirigh Comhairle na hEorpa ‘an idirghabháil’ mar cheann de na 4 ghníomh cumarsáideach teanga, mar aon le ginchumas, gabhchumas agus idirghníomhaíocht. Ach cé gur tugadh aitheantas áirithe don idirghabháil mar ghníomh teanga sa cháipéis sin, is le foilsiú an leagain nua den Fhráma in 2020 a rinneadh leathnú agus forbairt ar an idirghabháil mar ghníomh agus mar straitéis teanga (Comhairle na hEorpa 2020). Is é atá i gceist leis an idirghabháil ná cruthú droichead, dúnadh bearna cumarsáide, comhthógáil agus construáil ar bhrí chun tuiscint a éascú idir daoine, tuiscint a éascú ar choincheap nó tuiscint a éascú ar théacs. D’fhéadfadh an gníomh idirghabhála a bheith ag tarlú laistigh de theanga amháin nó go trasteangeolaíoch ó theanga go teanga (an idirghabháil thrasteangeolaíoch). Tá an comhthéacs Gaeloideachais ina bhfuil teanga agus ábhar comhtháite sa teagasc an-ábhartha don samhlú seo ar an idirghabháil – suíomh ina bhfuil an múinteoir de shíor i mbun idirghabhála ar choincheap, ar théarmaíocht, ar théacs, ar theanga an ábhair, agus ar an teanga féin. Tuigtear go mbíonn múinteoirí na hearnála ag tarraingt ar théacsanna Béarla sa seomra ranga agus tascanna i nGaeilge á gcomhlíonadh bunaithe ar na tascanna sin – eisint na hidirghabhála trasteangeolaí. Tuigtear chomh maith, áfach, gur ar bhealach neamhstraitéiseach a théitear i mbun úsáid na dtéacsanna Béarla go minic, ainneoin moltaí gur gá a bheith cáiréiseach le cleachtais trasteangaithe sa suíomh tumoideachais. Chuir an taighde seo roimhe, mar sin, éachtaint a fháil ar conas mar a d’oirfeadh an idirghabháil thrasteangeolaíoch do mhúinteoirí iar-bhunscoile lán-Ghaeilge chun aghaidh ar thabhairt ar na dúshláin atá aitheanta maidir le ról an Bhéarla sa chleachtas. Chun teacht ar an léargas seo, rinneadh iniúchadh ar bhraistintí na múinteoirí faoin gcleachtas trasteangeolaíoch go ginearálta, forbraíodh clár oiliúna bunaithe ar an idirghabháil thrasteangeolaíoch, agus rinneadh tuairimí na múinteoirí faoi oiriúnacht an chláir sin a chíoradh leo. Tarraingíodh ar an Anailís Fheiniméaneolaíoch Léirmhínitheach (Interpretative Phenomenological Analysis) chun guth agus dearcadh na múinteoirí a thabhairt chun cinn. Tháinig sé chun solais go raibh na múinteoirí an-dearfach faoi thionchar na hoiliúna agus gur mheas siad gur bealach éifeachtach é an idirghabháil thrasteangeolaíoch chun plé le téacsanna Béarla. Chuir an oiliúint deis mhachnaimh ar fáil dóibh faoi ról an Bhéarla sa seomra ranga – deis nár cuireadh ar fáil dóibh roimhe seo. Tugadh seans dóibh aibhsiú a dhéanamh ar dhúshláin a thuigtear dóibh atá sa ghort maidir leis an gcleachtas trasteangeolaíoch. Cuireadh ar a gcumas machnamh criticiúil a dhéanamh faoina gcleachtas agus bhí fianaise ann gur tháinig athrú ar a mbraistintí agus ar a gcleachtas de bharr an mhachnaimh agus na hoiliúna sin. Tá léargas sa taighde ar dhearcadh agus ar bhraistintí na múinteoirí maidir le ról an Bhéarla sa chleachtas agus ar na dúshláin a bhfuil siad ag dul i ngleic leo. Tá moltaí ann maidir le hoiliúint a d’fhéadfaí a chur ar fáil chun na dúshláin sin a shárú. Léiríonn an taighde gur féidir an fhorbairt atá déanta ag Comhairle na hEorpa ar an idirghabháil a chur in oiriúint mar mhúnla éifeachtach chun plé le húsáid an Bhéarla ar bhealach inbhuanaithe sa suíomh iar-bhunscoile lán-Ghaeilge.
Description
Keywords
Translanguaging , Mediation , Immersion education
Citation
Ní Chonchúir, A. 2024. ‘Caithfidh sé go bhfuil talamh éigin sa lár’ Múinteoirí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge ag dul i ngleic le tascanna idirghabhála trasteangeolaíocha chun aghaidh a thabhairt ar ról an Bhéarla sa chleachtas. PhD Thesis, University College Cork.
Link to publisher’s version