Pádraig Phiarais Cúndún: amhráin agus dánta

Loading...
Thumbnail Image
Files
Date
2022-01-31
Authors
Ó Floinn, Antóin
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
University College Cork
Published Version
Research Projects
Organizational Units
Journal Issue
Abstract
Seo an chéad eagrán criticiúil d’fhilíocht Phádraig Phiarais Cúndún (1777-1857). Cainteoir dúchais agus file ab ea é a rugadh i mBaile Mhac Óda i gContae Chorcaí ach a chuaigh ar imirce go Stát Nua Eabhrac in 1825/26. Lean sé ar aghaidh ag cumadóireacht thall is bhain sé aitheantas comhaimseartha níos leithne amach dó féin mar thoradh ar na dánta is ar na litreacha Gaelainne a sheol sé abhaile ón Oileán Úr. Fágann teirce an ábhair as Gaelainn a breacadh síos thar lear le linn Phádraig Phiarais gur bhain a shaothar áit amach i stair litríochta na Gaelainne; léargas uathúil é a shaothar ar mheon is ar thaithí saoil an chainteora dúchais i gcéin an tráth san. Bunaítear an t-eagrán so ar na foinsí lámhscríofa a mhaireann; soláthraítear leaganacha de na dánta atá tugtha chun rialtachta mar aon leis an bhfearas criticiúil iomlán agus aistriúcháin Bhéarla mar áis don léitheoir. Cuirtear nótaí teangan cuimsitheacha ar fáil chun léiriú a thabhairt ar theanga na ndánta is ar chanúint Bhaile Mhac Óda – canúint a chuaigh i léig san aois seo caite. Deintear filíocht an Chúndúnaigh a chomhthéacsú le béim fé leith ar a shaol, ar an aois inar mhair sé, agus ar thraidisiún liteartha na Gaelainne inar chum sé. Pléitear ealaín na filíochta aige ag aimsiú na slite inar chloígh sé go dlúth leis an traidisiún go minic agus na slite inar dhein sé a chuid féin de ar uairibh; tugtar suntas fé leith do chúrsaí meadarachta is ceoil sa phlé seo. Ceistítear arbh é Phádraig Phiarais an t-údár i gcás lín theoranta den ábhar a luadh leis roimhe seo; tugtar an fhianaise go léir sna cásanna san. Ar an láimh eile, cuirtear roinnt rann in eagar anso nár cuireadh i gcló fós.
Description
Keywords
Pádraig Phiarais Cúndún , Patrick Condon , Amhráin , Dánta , Baile Mhac Óda , Ballymacoda , An tSeanchoill , An tSeanachoill , Shanakill , Shankill , Machaire an Fhia , Deerfield , Utica , Imirce , Emigration , Cainteoir dúchais , Aonteangach , Irish speaker , Monoglot , Litríocht na hImirce , Emigration literature , Migration , Migrants , Irish emigration , Irish migrants , Emigrants , Exiles , Letters in Irish , Letters in Gaelic , Tony Ó Floinn , Anthony Flynn , Tony Flynn
Citation
Ó Floinn, A. 2022. Pádraig Phiarais Cúndún: amhráin agus dánta. PhD Thesis, University College Cork.