Aislingí polaitiúla Eoghain Rua Uí Shúilleabháin

Loading...
Thumbnail Image
Date
2012
Authors
Ní Íceadha, Máire
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
University College Cork
Published Version
Research Projects
Organizational Units
Journal Issue
Abstract
Is é rud atá sa tráchtas seo ná eagrán deifnídeach d’aislingí polaitiúla Eoghain Rua Uí Shúilleabháin (1748-1784). Is cuid shuaithinseach de shaothar liteartha Eoghain Rua atá tagtha anuas chugainn iad na haislingí, nach mór trian de ar fad. Ábhar inspéise iad na haislingí polaitiúla a chum sé mar gheall ar an léiriú a thugann sé ar chumas an fhir óig toisc an láimhseáil chruthaitheach a dhein sé ar an saghas áirithe sin filíochta, go háirithe. Soláthraítear anseo eagrán scolártha de cheithre cinn is fiche de na haislingí a chum an file. Catagóir amháin sa tráchtas is ea na dánta polaitiúla gur féidir a rá le cinnteacht go mbaineann siad le hEoghan Rua. Baineann éiginnteacht le catagóir eile de dhánta atá curtha i leith an fhile ach nach féidir a bheith cinnte mar gheall orthu. Braitheadh nach gan fáth a bheadh na dánta seo leagtha ar Eoghan Rua, ámh. Pléitear an timpeallacht chultúrtha, shóisialta agus pholaitiúil san ochtú haois déag ar eascair an saghas seo filíochta aisti. Scrúdaítear go mion traidisiún na lámhscríbhinní ina bhfaightear leaganacha d’aislingí Eoghain Rua sna nótaí téacsacha. Nochtar faoi mar a glacadh leo sa traidisiún sin agus an t-éileamh a bhí ar shaothar an fhile i bhfianaise a bhfuil sna foinsí Gaeilge. Dírítear, go príomha, ar an seachadadh leathan a deineadh ar a chuid aislingí i gCúige Mumhan agus ar dháileadh na n-aislingí polaitiúla a chum sé laistigh den traidisiún sin. Maille leis na dánta féin, cuirtear fearas criticiúil ar fáil anseo don chéad uair. Léirítear an modh eagarthóireachta a leanadh. Cuirtear aistriúcháin Bhéarla d’ aislingí Eoghain Rua ar fáil chun sochair don léitheoir.
Description
Keywords
Aislingí Eoghain Rua Uí Shúilleabháin , Filíocht na Mumhan , Saothar liteartha Eoghain Rua , Traidisiún na lámhscríbhinní san 18ú céad , Filíocht Shliabh Luachra , Filíocht pholaitiúil an 18ú céad , Aislingí polaitiúla an fhile Eoghan Rua Ó Súilleabháin
Citation
Ní Íceadha, M. 2012. Aislingí polaitiúla Eoghain Rua Uí Shúilleabháin. PhD Thesis, University College Cork.