An Teagasc Comhtháite Ábhar agus Teanga sa Bhunscoil a Fheidhmíonn trí Mheán an Bhéarla: Iniúchadh ar Bhonn Eolais an Mhúinteora
Loading...
Files
Full Text E-thesis
Date
2025
Authors
Ní Bheaglaoich, Nóra
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
University College Cork
Published Version
Abstract
In ainneoin na litríochta fairsinge atá brataithe ar an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) go hidirnáisiúnta, feictear frámú neamhiata agus easpa aonfhoirmeachta sa litríocht atá foilsithe in Éirinn go dtí seo. Tuigtear go dteastaíonn brainsí difriúla saineolais ó bhunmhúinteoirí FCÁT atá malartach agus éagsúil leis na sainscileanna a fhíonn an múinteoir aonteangach tríd an teagasc nuair nach teanga dhúchais na ndaltaí atá idir lámha (Cammarata agus Ó Ceallaigh, 2020; Tedick agus Lyster, 2020; Troyan, Cammarata agus Martel, 2017). Feictear lacún faoin mbonn eolais is ábhartha, is fiúntaí agus inláimhsithe do bhunmhúinteoirí atá ag tabhairt faoi FCÁT agus teagasc na Gaeilge mar T2 i mbunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla (SFMB) go náisiúnta. Ba é inspreagadh an taighde seo mar sin ná bonn eolais oideolaíochta an bhunmhúinteora FCÁT in SFMB a thuiscint agus a fhorbairt i gcleachtas le linn theagasc na matamaitice trí Ghaeilge i rang na naíonán sóisearach.
Threoraigh paraidím hibrideach an creat taighde chun bonn eolais na triúr múinteoirí a mhapáil (an pharaidím léirmhínitheach) agus léargas a fháil ar aon bhunathrú (an pharaidím bhunathraitheach) a tháinig ar thuiscintí nó ar chleachtas. Rinneadh cás- staidéar thar sé seachtaine chun an taighde a chomhlánú. Sásaíodh sprioc an taighde toisc an taighdeoir a bheith i ngiorracht na múinteoirí chun sonraí nó giotaí eolais a bhailiú uathu faoi mar a bhíodar á nochtadh go dírbheathaisnéiseach. Bailíodh sonraí cáilíochtúla a thugann léargas ar fhíoreispéiris na múinteoirí tríd na modhanna seo a leanas - grúpaí fócais, dialanna machnaimh agus nótaí páirce (as breathnóireacht ranga agus comhráití gairmiúla). Bailíodh fianaise ábhartha faoina saineolas trínar tuigeadh go soiléir na dúshláin agus na féidearthachtaí a bhí neadaithe i dtaithí na múinteoirí agus iad ag feidhmiú mar ghairmithe in SFMB. Úsáideach múnla an phobail chleachtais den fhorbairt ghairmiúil chuige seo chun na múinteoirí a ghríosadh go seachtainiúil chun ceachtanna matamaitice trí Ghaeilge le FCÁT a phleanáil agus a fhí isteach ina gcleachtas laethúil.
Léirigh na sonraí gur foláir a bheith dílis agus sofhreagrach do riachtanais shonracha agus uathúla na foirne agus don Ghaeilge féin in SFMB go bhfuil FCÁT á leanúint acu. Bhí cruthúnas sa taighde go bhfuil tacaíocht mharthanach don pleanáil trí Ghaeilge agus scafall oideolaíochta don ábhar ríthábhachtach chun FCÁT a chur i bhfeidhm i gcleachtas. Is é sin, saibhríodh bonn eolais an mhúinteora trí Ghaeilge san FCÁT nuair a cuireadh béim ar ghnéithe teangeolaíocha agus i réimse oideolaíoch an ábhair freisin chun cothomaíocht idir ábhar agus teanga a dhearbhú.
Cruthaíonn an saothar bunaidh seo mar a chabhraíonn múnla an phobail chleachtais den fhorbairt ghairmiúil le múinteoirí a ghríosadh, a chumasú agus a mhisniú chun tabhairt faoi FCÁT go coinsiasach agus go héifeachtach. Cuireadh spás ar fáil do na múinteoirí teacht le chéile mar fhoireann go seachtainiúil le linn an taighde chun plé gairmiúil, pleanáil chomhoibríoch agus machnamh leanúnach a dhéanamh, socrú a thug aird ar a ndeiseanna foghlama féin agus a dheimhnigh rath gairmiúil ina gcleachtas comhtháite. Feictear pictiúr dóchasach sna torthaí don tairbhe a bhain le gníomhú an phobail chun bonn eolais an mhúinteora san FCÁT a fhorbairt go cuimsitheach, córasach. Tugtar léargas soiléir do theagasc na Gaeilge le FCÁT i gcomhthéacs SFMB ar ndóigh, toisc an tacaíocht chomhordaithe, mharthanach, phointeáilte agus aontaithe a fuair na múinteoirí.Tá borradh ar FCÁT go hidirnáisiúnta mar chur chuige nuálach, todhchaíoch agus léiríonn an taighde seo na deiseanna luachmhara a chuireann sé ar fáil do mhúineadh na Gaeilge ag an mbunleibhéal in Éirinn. Ábhar machnaimh atá anseo do lucht déanta
ii
beartais i leith na Gaeilge sa chóras oideachais. Aithnítear áfach, nach slánaitheoir aonair FCÁT do mhúineadh na Gaeilge, gan fís iomlánaíoch náisiúnta mar aon le treoir chórasach a dheimhniú do SFMB na tíre. Go príomha, ní mór cumas Gaeilge an mhúinteora a chinntiú, uas-sciliú na múinteoirí in oideolaíocht mhalartach FCÁT a dheimhniú agus tacaíochtaí feiliúnacha i limistéar an ábhair a sholáthar do mhúinteoirí chun éifeachtacht FCÁT a shaothrú do SFMB na tíre san am amach romhainn.
Description
Keywords
An fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga , Bonn eolais an mhúinteora , Forbairt ghairmiúil an mhúinteora
Citation
Ní Bheaglaoich, N. 2025. An Teagasc Comhtháite Ábhar agus Teanga sa Bhunscoil a Fheidhmíonn trí Mheán an Bhéarla: Iniúchadh ar Bhonn Eolais an Mhúinteora. PhD Thesis, University College Cork.
