An Ghaeilge sa chóras oideachais in Éirinn, 1922-1972

Loading...
Thumbnail Image
Date
2023-11-10
Authors
Hyland, Áine
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
Gaeloideachas
Published Version
Research Projects
Organizational Units
Journal Issue
Abstract
Bunaíodh an córas náisiúnta bunscoile in Éirinn sa bhliain 1831. Córas cabhrach a bhí ann, faoinar cuireadh maoiniú ar fáil do scoileanna a bhí faoi úinéireacht pátrúin áitiúla agus a bhí á mbainistiú go háitiúil, ach a lean curaclam náisiúnta. Don chéad caoga bliain ní raibh cead an Ghaeilge a mhúineadh ins na scoileanna náisiúnta. In 1872 tugadh isteach córas íocaíochta de réir torthaí (Payment by Results) inar íocadh múinteoirí ar bhonn thorthaí a gcuid daltaí. Cé nach raibh an Ghaeilge fós san áireamh i gcuraclam na scoile náisiúnta, d'fhéadfaí í a mhúineadh lasmuigh d'uaireanta scoile mar ábhar breise a raibh táillí breise le híoc le múinteoirí ina leith (Hyland agus Milne, lch. 128). I 1904 cuireadh clár dá-theangach i bhfeidhm a d'fhéadfaí a mhúineadh i scoileanna i gceantair ina labhraítí Gaeilge, nó Gaeilge agus Béarla. Cé gur cuireadh deireadh le híocaíocht de réir torthaí sa bhlian 1900 d'ábhair eile a mhúineadh lasmuigh d'uaireanta scoile, leanadh de tháillí a íoc as múineadh na Gaeilge (Walsh, 2011, lch.50). Faoi 1921, bhí an Ghaeilge á múineadh nó á húsáid taobh istigh d'uaireanta scoile i 240 scoil (as os cionn 5,000 scoil san iomlán) agus múineadh í mar ábhar breise lasmuigh d'uaireanta scoile i 1,890 scoil (Ó Domhnalláin, 1987).
Description
Keywords
An Ghaeilge , An córas náisiúnta bunscoile in Éirinn , Curaclam na scoile náisiúnta , Irish language , Primary education , Ireland
Citation
Hyland, Á. (2023) 'An Ghaeilge sa chóras oideachais in Éirinn, 1922-1972', Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2023, Óstán Slieve Russell, Condae an Chabháin, Éire, an 10 Samhain 2023. Ar fáil ag: https://gaeloideachas.ie/clartf2023/
Link to publisher’s version
Copyright
© 2023, Áine Hyland.