Araoir dam seal is mé im' aonar: aisling a chum Eoghan Rua Ó Súilleabhán

Loading...
Thumbnail Image
Files
Date
2025-05-01
Authors
Ní Íceadha, Máire
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
National University of Ireland
Published Version
Research Projects
Organizational Units
Journal Issue
Abstract
Aisling atá curtha i leith an fhile Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1748–84) is ea Araoir dam seal is me im’ aonar. Níl ach aon chóip amháin den aisling seo tagtha anuas chugainn i lámhscríbhinn de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, ARÉ LS 23 O 15 (940): 216i–7.2 Lámhscríbhinn 172 de chuid an bhailiúcháin lámhscríbhinní a thiomsaigh na foilsitheoirí Hodges & Smith is ea í agus a cheannaigh Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1844. Tá na leathanaigh 1–12, 202–17, 226–9 agus 242–9 ábhairín níos lú ná leathanaigh eile an leabhair seo agus tá éagsúlachtaí áirithe le sonrú i lámh an scríobhaithe i bhfianaise na leathanach 202–17, 222–5, cuir i gcás. Tá síniú an scríobhaithe Seaghan de Lóndra (John Landers) ‘Seagan dodh Lóndra’ le léamh ar lch 223i den lámhscríbhinn agus véarsa aonair ón scríobhaí féin ar an leathanach céanna. Is í ARÉ LS 23 O 15 (940) an t-aon lámhscríbhinn atá luaite le Seaghan de Lóndra i gCatalóg an Acadaimh.
Description
Keywords
Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1748–84) , Aisling , Araoir dam seal is me im’ aonar
Citation
Ní Íceadha, M. (2025) 'Araoir dam seal is mé im' aonar: aisling a chum Eoghan Rua Ó Súilleabhán', Éigse, 42, pp. 60-77.
Link to publisher’s version
Copyright
© 2025, Éigse. This article is made available by permission of the Editor.