An briathar mí-rialta i nGaeluinn na nDéise
Loading...
Files
Full Text E-thesis
Date
2004
Authors
Uí Fhoghlú, Áine
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
University College Cork
Published Version
Abstract
Tá an saothar taighde seo bunaithe ar thuairim is triocha uair an chloig dʼabhar a dheineas a thaifeadadh ar fístéip idir 1990-ʼ94 i measc na gcainteoirí is fearr a bhí i nGaeltacht na Rinne agus an tSeana-Phobail ag an am. Ina measc so tá éinne dhéag gur sár-chainteoirí láidre ná tabharfaí tionchar an Bhéarla ná tionchar ghramadach na scoile fé ndeara ar a gcuid Gaeilge. Tá triúr ina measc gur sár-chainteoirí iad a tógadh le Gaeilge sa Rinn agus a bhí ina múinteoirí i rith a saoil. Cainteoirí iad so a bhfuil a gcuid urlabhra ana-shoiléir agus aird acu ar chruinneas gramadaí, aird ná fuil le fáilt ina measc súd a bhí gan oideachas foirmeálta. Tá cúigear sa chnuasach a tógadh le Gaeilge ach a raibh go leor Béarla le clos acu ina n-óige agus bhí cúpla duine acu san as taithí a bheith ag caint na Gaeilge le tamall roimh an taifeadadh. Ar an abhar a dheineas a thaifeadadh bhí mórchuid seanchais, scéalaíochta, amhránaíochta agus stair áitiúil. Nuair a thug Roinn na Nua-Ghaeilge cead agus cuireadh dom an taighde seo a dhéanamh beartaíodh gur saothar deilbhíochta ar Ghaeluinn na nDéise a bheadh ann agus an taighde dírithe ar an mbriathar mí-rialta mar ná raibh a leithéid de shaothar ann roimhe seo sa chanúint sin. Mar sin is é teideal an tsaothair ʻAn briathar mí-rialta i nGaeluinn na nDéiseʼ. Ar dtúis chaitheas éisteacht go grinn leis na téipeanna agus gach sampla de gach briathar mí-rialta a dʼúsáid na cainteoirí a bhreacadh síos, ansan ord agus eagar a chur orthu. De réir mar a bhí an obair ag dul chun cinn bhí eolas nua á nochtadh dom. Cé gurb iad na téipeanna atá mar bhun-fhoinse taighde agam úsáidim leabhair thaighde ar Ghaeluinn na nDéise mar fhoinsí tagartha agus táid seo ar fad liostáilte sa saothar. Is é an Dr. Seán Ua Súilleabháin a stiúraigh an obair.
Description
Keywords
Irish language , Dialects , Ireland , Munster , Irish language , Phonetics
Citation
Uí Fhoghlú, Á. 2004. An briathar mí-rialta i nGaeluinn na nDéise. MPhil Thesis, University College Cork.