An briathar mí-rialta i nGaeluinn na nDéise
dc.contributor.advisor | Ua Suilleabhain, Sean | |
dc.contributor.author | Uí Fhoghlú, Áine | |
dc.date.accessioned | 2025-02-26T16:59:13Z | |
dc.date.available | 2025-02-26T16:59:13Z | |
dc.date.issued | 2004 | en |
dc.date.submitted | 2004 | |
dc.description.abstract | Tá an saothar taighde seo bunaithe ar thuairim is triocha uair an chloig dʼabhar a dheineas a thaifeadadh ar fístéip idir 1990-ʼ94 i measc na gcainteoirí is fearr a bhí i nGaeltacht na Rinne agus an tSeana-Phobail ag an am. Ina measc so tá éinne dhéag gur sár-chainteoirí láidre ná tabharfaí tionchar an Bhéarla ná tionchar ghramadach na scoile fé ndeara ar a gcuid Gaeilge. Tá triúr ina measc gur sár-chainteoirí iad a tógadh le Gaeilge sa Rinn agus a bhí ina múinteoirí i rith a saoil. Cainteoirí iad so a bhfuil a gcuid urlabhra ana-shoiléir agus aird acu ar chruinneas gramadaí, aird ná fuil le fáilt ina measc súd a bhí gan oideachas foirmeálta. Tá cúigear sa chnuasach a tógadh le Gaeilge ach a raibh go leor Béarla le clos acu ina n-óige agus bhí cúpla duine acu san as taithí a bheith ag caint na Gaeilge le tamall roimh an taifeadadh. Ar an abhar a dheineas a thaifeadadh bhí mórchuid seanchais, scéalaíochta, amhránaíochta agus stair áitiúil. Nuair a thug Roinn na Nua-Ghaeilge cead agus cuireadh dom an taighde seo a dhéanamh beartaíodh gur saothar deilbhíochta ar Ghaeluinn na nDéise a bheadh ann agus an taighde dírithe ar an mbriathar mí-rialta mar ná raibh a leithéid de shaothar ann roimhe seo sa chanúint sin. Mar sin is é teideal an tsaothair ʻAn briathar mí-rialta i nGaeluinn na nDéiseʼ. Ar dtúis chaitheas éisteacht go grinn leis na téipeanna agus gach sampla de gach briathar mí-rialta a dʼúsáid na cainteoirí a bhreacadh síos, ansan ord agus eagar a chur orthu. De réir mar a bhí an obair ag dul chun cinn bhí eolas nua á nochtadh dom. Cé gurb iad na téipeanna atá mar bhun-fhoinse taighde agam úsáidim leabhair thaighde ar Ghaeluinn na nDéise mar fhoinsí tagartha agus táid seo ar fad liostáilte sa saothar. Is é an Dr. Seán Ua Súilleabháin a stiúraigh an obair. | en |
dc.description.status | Not peer reviewed | en |
dc.description.version | Accepted Version | en |
dc.format.mimetype | application/pdf | en |
dc.identifier.citation | Uí Fhoghlú, Á. 2004. An briathar mí-rialta i nGaeluinn na nDéise. MPhil Thesis, University College Cork. | |
dc.identifier.endpage | 258 | |
dc.identifier.uri | https://hdl.handle.net/10468/17129 | |
dc.language.iso | ga | en |
dc.publisher | University College Cork | en |
dc.rights | © 2004, Áine Uí Fhoghlú. | en |
dc.rights.uri | https://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/4.0/ | |
dc.subject | Irish language | en |
dc.subject | Dialects | en |
dc.subject | Ireland | en |
dc.subject | Munster | en |
dc.subject | Irish language | en |
dc.subject | Phonetics | en |
dc.title | An briathar mí-rialta i nGaeluinn na nDéise | en |
dc.type | Masters thesis (Research) | en |
dc.type.qualificationlevel | Masters | en |
dc.type.qualificationname | MPhil - Master of Philosophy | en |